Aimsir na bliana 2023

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAimsir na bliana 2023
Cineálevents in a specific year or time period (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana2023 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomhan Domhan Cuir in eagar ar Wikidata
2023 go mór fada ar an mbliain is teo ar an taifead le 174 bliain.. Sonraí Copernicus
Aimhrialtacht teochta dhomhanda, Meitheamh 2023 Foinse ERCC - Emergency Response Coordination Centre

Bhí sé ina dheargtheas ar fud na cruinne sa bhliain 2023. Ba í 2023 an bhliain ba theo riamh ó tosaíodh ag coinneáil taifead.[1][2][3][4] Ar an meán, bhí ardú 1.5 céim ar an teocht domhanda in 2023 ó thosaigh an Réabhlóid Thionsclaíoch.[5]

Le linn 2023, bhí El Niño ag dul i gcion ar gach áit faoin spéir. Meastar go mbaineann cuid den ardú teochta ollmhór timpeall an domhain sa bhliain 2023 leis an El Niño, a thug teas léi go dtí dromchla an domhain.[6]

Bhí na hoighearchaidhpeanna i gcónaí ag leá agus leibhéal na farraige ag ardú. Mar shampla, idir 2022-2023, tháinig laghdú 10 faoin gcéad ar na hoighearshruthanna san Eilvéis, agus idir 2013-2023, bhí leibhéal na farraige ag ardú a dhá oiread níos sciobtha thar mar a bhí sna 1990idí.[1]

Meitheamh 2023. Foinse: Copernicus Climate Change Service / Aontas Eorpach
  1. 1.0 1.1 Alex Hijmans (28 Nollaig 2023). "Cogadh dearg agus deargtheas – súil siar ar an domhan in 2023" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-12-29.
  2. "‘Foláireamh Dearg’ faoin athrú aeráide fógartha ag áisíneacht aimsire na Náisiún Aontaithe" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-03-19). Dáta rochtana: 2024-03-19.
  3. WMO (2024-03-15). "State of the Global Climate 2023" (en). World Meteorological Organization. Dáta rochtana: 2024-03-19.
  4. "Climate change indicators reached record levels in 2023: WMO" (en). World Meteorological Organization (2024-03-15). Dáta rochtana: 2024-03-19.
  5. "Copernicus: 2023 is the hottest year on record, with global temperatures close to the 1.5°C limit | Copernicus". climate.copernicus.eu. Dáta rochtana: 2024-01-11.
  6. Nuacht RTÉ (2024-01-09). "2023 ar an mbliain ba theo riamh ó cuireadh tús leis na taifid" (as ga-IE). 

From Wikipedia, the free encyclopedia · View on Wikipedia

Developed by Tubidy